Location:Galway
Job Length:Permanent
Date:01/10/2026
Firm:TG4
Job Type:Full Time
Email Address:cv@tg4.ie
Is mian le TG4 Bainisteoir Oibríochtaí Innealtóireachta, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú ar bhonn buan. Ag freagairt don Stiúrthóir Teicneolaíochta agus Dáileacháin, beidh ról lárnach ag an té a cheapfar i dTionscadail Bonneagair TF, Craolacháin agus Tógála TG4. Beidh an Bainisteoir Oibríochtaí Innealtóireachta freagrach as rannán tacaíochta TG4 a bhainistiú agus a fhorbairt, lena n-áirítear nósanna imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha, cothabháil choisctheach, tuairisciú lochtanna agus idirghabhálacha feabhais.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoimid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
An Ról:
I measc na ndualgas, ach gan bheith teoranta dóibh, a bheidh ar an té a cheapfar beidh:
Sláinte agus Sábháilteacht:
- A bheith gníomhach i gcur i bhfeidhm pholasaithe agus nósanna imeachta TG4 maidir le Sláinte agus Sábháilteacht.
- A chinntiú go n-oibríonn na hinnealtóirí ar fad ar bhealach sábháilte agus cuí.
- A chinntiú go mbaintear aon trealamh lochtach nó guaiseach láithreach, nó go ndéantar an trealamh sin a dheisiú.
Ginearálta:.
- Idirphlé a dhéanamh le ranna eile i TG4 maidir le léiriúcháin bheo, tionscadail speisialta etc., agus tacaíocht innealtóireachta a leithdháileadh nuair is gá.
Straitéis DR:
- Páirt a ghlacadh i straitéis forbartha, i ndoiciméadú agus i gcothabháil chórais DR TG4.
Tacaíocht Córas:
- Tacaíocht chórais a chur ar fáil do gach úsáideoir i TG4 agus sa Seomra Nuachta nuair is gá, chomh maith le tacaíocht dara leibhéal a chur ar fáil d’úsáideoirí deisce.
- Monatóireacht a dhéanamh ar chórais chun teipeanna a thuar agus a chinntiú go bhfuil cláir chothabhála choisctheacha i bhfeidhm agus go leantar iad.
Córais chraolacháin:
- Monatóireacht agus cothabháil a dhéanamh ar na córais chraolacháin agus ar na sreafaí oibre agus ar an dáileadh a bhaineann leo, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta do, Mediator, Spectra Library, DIVA, traschódú, WhatsOn, córais stórála, agus naisc ionchuir agus dáileacháin.
Leictreachas:
- Páirt a ghlacadh i ndearadh agus i gcothabháil an bhonneagair dáileacháin leictreachais.
Tionscadail:
- Obair a dhéanamh ar thionscadail i gcomhar leis an Stiúrthóir Teicneolaíochta agus leis na foirne cur chun feidhme.
Líníochtaí agus Nósanna Imeachta:
- Doiciméid a bhaineann le nósanna imeachta innealtóireachta agus oibríochta agus le hoiliúint ina leith a fhorbairt. A chinntiú go ndéantar líníochtaí innealtóireachta agus doiciméid a nuashonrú de réir mar is gá.
Forbairt Córas:
- Teicneolaíocht an chraolacháin a mheas agus trealamh agus teicneolaíochtaí nua a thástáil.
- Uasghráduithe ar chórais chraolacháin a chomhordú.
Bainistiú Sócmhainní:
- Páirt a ghlacadh i mbainistiú agus i rianú shócmhainní seasta TG4.
Bonneagar Foirgnimh:
- Páirt a ghlacadh i maoirseacht ar champas TG4.
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.
Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- Cáilíocht 3ú leibhéal san Innealtóireacht (Innealtóireacht Leictreach/ Innealtóireachta sa Leictreonaic Teileachumarsáide) nó cáilíocht ar leibhéal coibhéiseach.
- Dea-theist chruthaithe ar thaithí fhairsing ar bheith ag obair i gcáil oibríochtúil i ról ábhartha.
- Taithí nó cáilíocht i mBainistíocht agus i gCeannaireacht an-inmhianaithe.
- A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú agus a fhorbairt.
- Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
- Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí solúbtha oibre i bhfeidhm i TG4.
4pm Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
Apply Now
Step 1
Please Login if you wish to apply for this vacancy.
Login now