Cuireann an Dlí-Chumann rochtain ar cheartas chun cinn as Gaeilge

Éilíonn Dlí-Chumann na hÉireann rochtain níos mó ar cheartas as Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge (1-17 Márta).

   Is féidir leis an bpobal teacht ar aturnae atá cáilithe dlí a chleachtadh as Gaeilge ar Chlár na Gaeilge (An Dlí-Chumann).

  • Is féidir leo siúd ar spéis leo obair mar aturnae an bróisiúr nua de chuid an Dlí-Chumainn a íoslódáil, Ag Obair mar Aturnae.
  • Tugtar spreagadh d’aturnaetha dul faoi Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge de chuid an Dlí-Chumainn.

Dúirt Uachtarán an Dlí-Chumainn, Michelle Ní Longáin, “Mar chuid de ghealltanas an Dlí-Chumainn éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn, cuirimid rochtain ar cheartas chun cinn as Gaeilge. Tugaimid spreagadh dár mbaill agus dár n-aturnaetha páirt a ghlacadh chun Gaeilge a chur chun cinn ar mhaithe leis an tsochaí agus chun borradh a chur faoi chleachtadh dlí as Gaeilge.”

“Tá sé tábhachtach d’aturnaetha na scileanna riachtanacha a bheith acu chun freastal ar riachtanais dhlíthiúla na bpobal ar a ndéanann siad freastal. Tugann Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge de chuid an Dlí-Chumainn an deis d’aturnaetha faoi oiliúint agus d’aturnaetha cáilithe dlí a chleachtadh as Gaeilge. Tá beagnach 230 aturnae ar Chlár na Gaeilge (An Dlí-Chumann) a dhéanann níos éasca é do bhaill an phobail teacht ar aturnaetha ar féidir comhairle dlíthiúil iontaofa a chur ar fáil as Gaeilge”, a dúirt sí.

Cáilíocht a fháil as Gaeilge

Máille Brady Bates, Comhpháirtí sa Dlí Fostaíochta in Arthur Cox, Baile Átha Cliath atá go mór ar son na Gaeilge agus atá cáilithe chun dlí a chleachtadh as Gaeilge.

Dúirt Ms Brady Bates, “Roghnaigh mé cúrsa an Dlí-Chumainn mar is aoibhinn liom an Ghaeilge agus bhí mé an-sásta an deis a fháil a bheith cáilithe agus cleachtadh sa teanga seo. Creidim freisin go bhfuil sé tábhachtach meas a léiriú do cheann dár dhá dteanga náisiúnta; a chinnteoidh go mbeidh seirbhísí ar fáil do dhaoine atá ar a gcompord ag cumarsáid as Gaeilge, nó gurbh fhearr leo sin, agus chun an teanga a choimeád beo agus ábhartha.”

Beatha teanga í a labhairt

Tá an chomhairle seo a leanas ag Ms Brady Bates d’aturnaetha atá ag smaoineamh ar Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge de chuid an Dlí-Chumainn a dhéanamh, “Tapaigh an deis! Más spéis leat an Ghaeilge agus má tá buneolas agat ann, ná bíodh aon bhac ort. Tá na ranganna roinnte ina sruthanna bunaithe ar do leibhéal teanga agus múintear iad i ngrúpaí beaga a éascaíonn comharfhoghlaim. Tá traidisiún béil láidir lárnach sa Ghaeilge. Creidim má labhraíonn níos mó daoine an Ghaeilge, go mbeidh sí ag fás mar theanga.”

“Tá cleachtadh dlí as Gaeilge mar chleacht gairme atá ag fás. Mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, is féidir le hinstitiúidí an AE lena n-áirítear na cúirteanna feidhmiú as Gaeilge. Léiríonn an t-aitheantas seo an saineolas agus na scileanna atá ag aturnaetha chun dlí a chleachtadh as Gaeilge. Le linn Sheachtain na Gaeilge, leanaimid le rochtain ar cheartas a chur chun cinn as Gaeilge,” a luaigh Ms Ní Longáin.

Law Society promotes access to justice through Irish

The Law Society of Ireland is calling for increased access to justice through the Irish language during Seachtain na Gaeilge (1-17 March).

  • Members of the public can access a solicitor who is qualified to practise law through Irish on the Clár na Gaeilge (An Dlí-Chumann) / Irish Language Register (Law Society).
  • Those interested in becoming a solicitor can download the Law Society’s new brochure, Ag Obair mar Aturnae (Becoming a Solicitor).
  • Solicitors are encouraged to undertake the Law Society’s Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge (Advanced Legal Practice Irish course).

President of the Law Society of Ireland, Michelle Ní Longáin said, “As part of the Law Society’s commitment to promoting diversity and inclusion, we actively promote access to justice through Irish. We encourage our members and trainee solicitors to participate in the advancement of Irish for societal benefit and to grow the practise of law through the Irish language.”

“It is important for solicitors to have the necessary skills to meet the legal needs of the communities in which they serve. The Law Society’s Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge (Advanced Legal Practice Irish course) provides a pathway for trainee and qualified solicitors to practise law through Irish. There are now almost 230 solicitors on the Clár na Gaeilge (An Dlí-Chumann) / Irish Language Register (Law Society), which makes it easier for members of the public to access solicitors who can provide trusted legal advice though Irish,” she said.

Qualifying through Irish

Máille Brady Bates, an Associate in the Employment Law practice group in Arthur Cox, Dublin is an advocate for the Irish language and qualified to practise law through Irish.

Ms Brady Bates said, “I chose to undertake the Law Society course because I love the Irish language and relished the opportunity to be qualified to practice through that medium. I also believe it is very important to honour the place of Irish as one of our two national languages; this will help ensure services are available to people who are more comfortable communicating through Irish, or simply have a preference to do so, and to keep the language alive and relevant.”

Beatha teanga í a labhairt

Ms Brady Bates has the following advice for solicitors considering undertaking the Law Society’s Advanced Legal Practice Irish course, “Go for it! If you have any interest in the Irish language and a basic grounding in it, don't hold back. The classes are streamed based on your language level and are taught in small groups which facilitates collaborative learning. Irish has such a strong oral tradition at its core. I believe the more people that speak it, the more it will stand the test of time and grow and evolve as a language.”

“The practise of law through Irish is a growing area of practise. As an official and working language of the European Union, the EU institutions including the courts can operate through Irish. This recognition further demonstrates the expertise and skills solicitors possess to practise law through Irish. During Seachtain na Gaeilge, we will continue to promote access to justice through the Irish language,” Ms Ní Longáin added.

Return to previous press releases