Venue
Law Society of Ireland, Blackhall Place
Start Date
Thursday 9 April 2020 at 1:00 PM
End Date
Thursday 11 June 2020 at 8:00 PM
Chosen delivery method is not available. Please choose another delivery method.
This item is not available to book online
Feidhm agus CuspóiríCuirtear an cúrsa roghnach PPC2 seo ar fáil gach bliain d’aturnaetha cáilithe, faoi mar atá leagtha amach faoi alt 2A den Acht Aturnaetha 1954 (arna leasú). Tá an oiliúint trí Ghaeilge dírithe ar scileanna, agus dá bhrí sin, tá na nithe seo a leanas san áireamh: taighde, agallóireacht scríbhneoireacht dhlíthiúil, comhairleoireacht, idirbheartaíocht agus abhcóideacht don dlíodóir a chleachtann trí Ghaeilge, in iliomad de réimsí chleachtais ginearálta a thrasnaigh cearta daonna, dlíthíocht choiriúil, dlíthíocht shibhialta, tíolacadh, dlí teaghlaigh, probháid, cáin, dlí fostaíochta, gnó agus dlí AE. Tá fasaigh de théacsanna dlí a fuarthas ó chleachtóirí a chleacht trí mheán na Gaeilge inchorporaithe in ábhar an chúrsa. Cuirtear ainmneacha na rannpháirtithe a éiríonn leis an gcúrsa ar Chlár na Gaeilge (An Dlí-Chumann).Struchtúr an ChúrsaSeachadadh an ChúrsaRitheann an cúrsa foghlama cumaisc seo ó mhí Aibreáin go mí an Mheithimh gach bliain. Bíonn na ranganna ar siúl tráthnónta Déardaoin, 18.00-20.00 de ghnáth. Bíonn físeáin léachtaí ar fáil ar líne deghnáth agus bíonn obair ar líne le déanamh ag rannpháirtithe idir na ranganna seachtainiúla. Déanannrannpháirtithe an obair chúrsa seo ina n-aonair agus i ngrúpaí.LéachtaíTugann na léachtaí fráma ginearálta mar gheall ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge, mar aon le stádas bunreachtúil/Eorpaigh an Ghaeilge, taighde dlíthiúil sa Ghaeilge agus gramadach na Gaeilge.CeardlannaForbraíonn rannpháirtithe scileanna dlíodóra Gaeilge sna cheardlanna, trí ról-imirt agus obair grúpa.Obair Chúrsa Ar LíneDéanann rannpháirtithe obair chúrsa ar líne idir na ranganna seachtainiúla – tascanna gramadaí, dréachtú, blagáil, aistriúchán, agus araile.MeasúnúCuimsíonn measúnú an chúrsa:Measúnú leanúnach ar bonn seachtainiúil de rannpháirtíocht agus de chríochnú tascanna an chúrsa;Tinreamh agus rannpháirtíocht le linn an chúrsa (is riachtanach é freastal ar gach rang), agus; Measúnú ag deireadh an chúrsa a éilítear táirgeadh pháipéar grúpa agus cur i láthair ó bhéal gach rannpháirtí (abhcóideacht cúirte ex-parte). Tá an cúrsa/an próiseas meastóireachta i gcomhlíonadh le héirim an CTET (http://www.coe.int/t/dg4/linguistic/Cadre1_en.asp).Sceideal an Chúrsa 2020 (sealadach)*Seisiún Tionscnaimh:
Déardaoin 09/04/2020, 13:00-14:00
Seisiún 1 (Léacht 1 & 2):
Déardaoin 16/04/2020, 15:45-17:45**
Seisiún 2 (Léacht 3 & 4):
Déardaoin 23/04/2020, 15:30-17:30**
Seisiún 3 (Ceardlann 1 & 2):
Déardaoin 30/04/2020, 18:00-20:00
Seisiún 4 (Ceardlann 3 & 4):
Déardaoin 14/05/2020, 18:00-20:00
Seisiún 5 (Ceardlann 5 & 6):
Déardaoin 21/05/2020, 18:00-20:00
Seisiún 6 (Ceardlann 7):
Déardaoin 28/05/2020, 18:00-20:00
Measúnú Deiridh:
Déardaoin 11/06/2020, 18:00-20:00
* Bíonn ar rannpháirtithe obair chúrsa a dhéanamh ar bonn aonaracha agus ar bonn grúpa idir na seisiúin sheachtainiúla.** Ní gá do rannpháirtithe FGL freastal i bpearsa ar na léachtaí seo mar bíonn físeáin dóibh ar fáil arlíne.Cé dó a n-oirfeadh an cúrsa seo?Tá an cúrsa oiriúnach d’aturnaetha a bhfuil fonn orthu a gcuid Gaeilge gairmiúil a fheabhsú, mar aon le scileanna dlíodóra nua a fhorbairt. Tabharfar comhlíonadh an chúrsa buntáiste fostaíochta rannpháirtithe.Léachtóirí agus TeagascóiríCuimsíonn an fhoireann teagaisc léachtóirí agus teagascóirí a bhfuil réimse leathan taithí i gcleachtadh dlí trí Ghaeilge acu.An Séala Eorpach TeangaGradam is ea an Séala Eorpach Teanga (http://ec.europa.eu/languages/policy/strategic- framework/language-label_en.htm) a bhronntar gach bliain ar thionscadail a fhorbraíonn slite nuálacha, cruthaitheacha le caighdeán teagaisc teangacha a ardú, le foghlaimeoirí a spreagadh agus leis an leas is fearr a bhaint as áiseanna atá ar fáil. An Coimisiún Eorpach a chomhordaíonn é, ach is iad na ballstáit a bhainistíonn é, agus giúiréithe náisiúnta a chinneann ar na critéir mhionsonraithe. Nuair a fhuair an Dlí- Chumann an gradam seo i 2012, dúirt an giúiré “Úsáidtear réimse leathan d’acmhainní don fhoghlaim chumaisc… Fíor inspreagthach d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí toisc go gcuirtear ábhair an chúrsa in oiriúint chun freastal ar riachtanais.”
Application closing date: Wednesday 2 April 2020 at 5pm
Chosen delivery method is not available. Please choose another delivery method.
This item is not available to book online