We use cookies to collect and analyse information on site performance and usage to improve and customise your experience, where applicable. View our Cookies Policy. Click Accept and continue to use our website or Manage to review and update your preferences.


Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge 2023

Venue
Hybrid (onsite at the Law Society of Ireland and via Zoom)
Start Date
Monday 29 May 2023 at 4:45 PM
End Date
Thursday 29 June 2023 at 8:00 PM
Price
€625.00
This item has expired.

Feidhm agus Cuspóirí

Cuirtear an cúrsa roghnach PPC2 seo ar fáil gach bliain d’aturnaetha cáilithe, faoi mar atá leagtha amach faoi alt 2A den Acht Aturnaetha 1954 (arna leasú). Tá an oiliúint trí Ghaeilge dírithe ar scileanna, agus dá bhrí sin, tá na nithe seo a leanas san áireamh: taighde, agallóireacht scríbhneoireacht dhlíthiúil, comhairleoireacht, idirbheartaíocht agus abhcóideacht don dlíodóir a chleachtann trí Ghaeilge, in iliomad de réimsí chleachtais ginearálta a thrasnaigh cearta daonna, dlíthíocht choiriúil, dlíthíocht shibhialta, tíolacadh, dlí teaghlaigh, probháid, cáin, dlí fostaíochta, gnó agus dlí AE. Tá fasaigh de théacsanna dlí a fuarthas ó chleachtóirí a chleacht trí mheán na Gaeilge inchorporaithe in ábhar an chúrsa. Cuirtear ainmneacha na rannpháirtithe a éiríonn leis an gcúrsa ar Chlár na Gaeilge (An Dlí-Chumann).

Struchtúr an Chúrsa

Seachadadh an Chúrsa
Ritheann an cúrsa foghlama cumaisc seo ó mhí na Bealtaine go mí an Mheithimh. Bíonn na ranganna ar siúl tráthnónta Dé Luain agus Déardaoin, 18.00-20.00 de ghnáth agus bíonn obair ar líne le déanamh ag rannpháirtithe idir an dá ranganna seachtainiúla. Beidh lá iomlán de cheardlanna ar siúl (10:00-17.30) Dé Sathairn 10 Meitheamh. Déanann rannpháirtithe an obair chúrsa seo ina n-aonair agus i ngrúpaí.


Léachtaí
Tugann na léachtaí fráma ginearálta mar gheall ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge, mar aon le stádas bunreachtúil/Eorpaigh an Ghaeilge, taighde dlíthiúil sa Ghaeilge agus gramadach na Gaeilge.

Ceardlanna
Forbraíonn rannpháirtithe scileanna dlíodóra Gaeilge sna cheardlanna, trí ról-imirt agus obair grúpa.

Obair Chúrsa Ar Líne
Déanann  rannpháirtithe obair  chúrsa  ar  líne  idir  na  ranganna  seachtainiúla  –  tascanna  gramadaí, dréachtú, aistriúchán, agus araile

Measúnú
Cuimsíonn measúnú an chúrsa:

  • Measúnú leanúnach ar bonn seachtainiúil de rannpháirtíocht agus de chríochnú tascanna an chúrsa; 
  • Tinreamh agus rannpháirtíocht le linn an chúrsa (is riachtanach é freastal ar gach rang) tré
    Zoom, agus;
  • Measúnú ag deireadh an chúrsa a éilítear táirgeadh pháipéar grúpa agus cur i láthair ó bhéal gach rannpháirtí (abhcóideacht cúirte ex-parte). Tá an cúrsa/an próiseas meastóireachta i gcomhlíonadh le héirim an CTET (http://www.coe.int/t/dg4/linguistic/Cadre1_en.asp ).

Sceideal an Chúrsa 2022 (sealadach)*
Seisiún Tionscnaimh: Dé Luain 29/05/2023, 16:45-17:30 (ar líne)
Léacht 1 & 2:                         Déardaoin 01/06/2023, 18:00-20:00 (sa Dlí Chumann)
Léacht  3:                                  Déardaoin 01/06/2023, ar fáil ó 20:00 (ar líne)
Léacht 4:                                       Dé Luain 05/06/2023, 18:00-19:00 (ar líne)
Ceardlann 1 & 2                           Déardaoin 08/06/2023, 18:00-20:15 (ar líne)
Ceardlanna (Lá iomlán)         Dé Sathurn 10/06/2023, 10:00-17:30 (a Dlí Chumann)
Léacht 5                                 Dé Luain 12/06/2023, 18:00-19:00 (ar líne)
Ceardlann 3 & 4:                 Déardaoin 15/06/2023, 18:00-20:15 (sa Dlí Chumann)
Ceardlann 5 & 6:         Dé Luain 19/06/2023, 18:00-20:15 (sa Dlí Chumann)
Ceardlann 7:                                 Déardaoin 22/06/2023, 18:00-19:30 (sa Dlí Chumann)
Léacht 6:                                       Dé Luain 26/06/2023,  ar fáil ó 18:00 
(ar líne)
Measúnú Deiridh                         
Déardaoin 29/06/2023, 18:00-20:00 (TBC)

*Mar nóta: Seans go n-athróidh na ranganna atá liostaithe thuas. 

Bíonn obair chúrsa le déanamh ar bonn aonaracha agus ar bonn grúpa idir na seisiúin sheachtainiúla.

Cé dó a n-oirfeadh an cúrsa seo?

Tá an cúrsa oiriúnach d’aturnaetha a bhfuil fonn orthu a gcuid Gaeilge gairmiúil a fheabhsú, mar aon le scileanna dlíodóra nua a fhorbairt.Tabharfar comhlíonadh an chúrsa buntáiste fostaíochta rannpháirtithe.

Léachtóirí agus Teagascóirí

Cuimsíonn an fhoireann teagaisc léachtóirí agus teagascóirí a bhfuil réimse leathan taithí i gcleachtadh dlí trí Ghaeilge acu.

An Séala Eorpach Teanga

Gradam is ea an Séala Eorpach Teanga a bhronntar gach bliain ar thionscadail a fhorbraíonn slite nuálacha, cruthaitheacha le caighdeán teagaisc teangacha a ardú, le foghlaimeoirí a spreagadh agus leis an leas is fearr a bhaint as áiseanna atá ar fáil. An Coimisiún Eorpach a chomhordaíonn é, ach is iad na ballstáit a bhainistíonn é, agus giúiréithe náisiúnta a chinneann ar na critéir mhionsonraithe. Nuair a fhuair an Dlí-Chumann an gradam seo i 2012, dúirt an giúiré “Úsáidtear réimse leathan d’acmhainní don fhoghlaim chumaisc… Fíor inspreagthach d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí toisc go gcuirtear ábhair an chúrsa in oiriúint chun freastal ar riachtanais.”

Application closing date is Thursday 25 May 2023 at 5pm

  • Chun cuir in áirithe anois, cliceáil ar an gcnaipe Cuir In Áirithe Anois
  • Chun cuir in áirithe tríd an bpost, íoslódáil an fhoirm iarratais agus líon amach í
  • Íoslódáil an bróisiúr agus foirm iarratais - Ardchúrsa Cleachtadh Dlí as Gaeilge 2022 
  • Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil le Aisling Byrne: a.byrne@lawsociety.ie nó le Róisín Cahill: r.cahill@lawsociety.ie

ELL Logo

This item has expired.